Rós Oidhreachta na hÉireann New Brunswick

Seacht mbliana roimh thús an Ghorta Mhóir in Éirinn, seacht mbliana déag sular osclaíodh an chéad ionad próiseála inimirceach i Nua-Eabhrac, in Castle Garden in Manhattan, naoi mbliana is fiche roimh bhunú Thiarnas Cheanada agus ceithre bliana is caoga sular osclaíodh ionad próiseála inimirceach Oileán Ellis i Nua-Eabhrac, thóg bean óg ó Éirinn a céad chéim i dtreo saoil nua i ndomhan nua.
Ba dhuine de na mílte Éireannach a d’fhág a tír dhúchais sa bhliain 1838 í, agus iad ag iarraidh saol níos fearr a dhéanamh dóibh féin. Ina ndiaidh, d’fhág siad saolta a raibh loite ag ocras rialta in áit inar caitheadh leo mar a bheadh saoránaigh den dara nó triú grád iontu, cé gur ina tír dhúchais féin a bhí siad. Bhí formhór na himircigh ag tabhairt a gcuid earraí luachmhara, línéadach tí, sceanra agus seoda a muintire leosan ar an aistear fada go dtí an domhan nua, ach thug an bhean óg úd a seod féin léi – daba fréamhacha de rós fiáin a bhí ag fás gar dá teach in Éirinn.
Bhí díocas uirthi cuid d’Éirinn a thabhairt léi, agus thug sí aire mhaith don daba fréamhacha le linn an aistir chrua a mhair roinnt seachtainí agus iad ag taisteal trasna an Atlantaigh go dtí gur shroich siad ceann de na mílte céanna a raibh le feiceáil ar chladaí Manhattan ag an am. Ach níorbh in deireadh a turais, áfach, agus go leor mílte fós le taisteal aici.
Lean sí uirthi agus thaisteal sí ar roinnt báid bheaga, ag tosú i Nua-Eabhrac agus ag leanúint cósta thoir Mheiriceá Thuaidh go dtí gur tháinig sí ar áit di féin agus don sheod a thóg sí ón mbaile - an rós. Chuaigh sí a chónaí in Albert County, New Brunswick, ach ní deirtear cá háit go díreach le príobháideachas an úinéara agus sábháilteacht an mháthairphlanda a chosaint.
Le níos mó ná 185 bliain anuas, tá an rós céanna ag fás san áit ar chruthaigh an bhean óg a baile nua. Tá duine dá muintir fós ina chónaí ann – gar-gar-gar-gharneacht léi – agus coimeádann seisean seod a mhuintire slán sábhailte ann. Ba dheas uaidh cúpla fréamh ón máthairphlanda a thabhairt don Irish Canadian Cultural Association of New Brunswick (ICCANB), agus mar sin, bhí an deis againn géag a chur i ngach réigiún a bhfuil craobh den ICCANB inti.
Tá cúis mhaith againn a bheith bródúil as agus cosantach faoin rós seo, toisc nach le héinne eile, ag an bpointe seo, seachas leis na cúig craobh agus úinéir an mháthairphlanda in Albert County, an chuid bheag seo de thír dhúchais ár muintire. Leanfaidh muid orainn ag tabhairt aire don rós seo mar a bheadh ball teaghlaigh ann, toisc gur fíor sin.
Le linn mhí an Mheithimh agus mí Iúil, fásann rósanna lándúbailte, beaga a bhfuil dath bándearg éadrom orthu ar Rós Oidhreachta na hÉireann New Brunswick. Tagann boladh álainn, milis uathu mar is dual do sheanrósanna oidhreachta dá leithéid, agus cuireann sé rósanna ár n-óige i gcuimhne dúinn.
Tá Craobh Cheantar na Príomhchathrach de chuid an ICCANB sásta dul i gcomhpháirtíocht le Gairdín Lusanna Fredericton le cinntiú go mbeidh an rós seo faoi bhláth amach anseo agus go mbeidh deis ag cuairteoirí an ghairdín taitneamh a bhaint as áilleacht agus as boladh aoibhinn an róis go ceann blianta eile.
